Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 78

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 78

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 78
  3. XML “An Cailín Dílis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí an gasúr agus an ghiorsach iongantach mór le chéile. Dar leis an mhathair gur cheart dóbhtha an gasúr a chur 'un báis. Lá amháin d'imthigh sí chuig Cailleach na gCearc agus lean an ghiorsach í. Nuair a chuaidh an mháthair isteach d'fhan an ghiorsach amuigh ag an doras ag cúl-éisteacht léithe. Dubhairt an mháthair le Cailleach na gCearc gur mhaith léithe an gasúr a chur 'un báis. D'iarr Cailleach na gCearc uirthi nuair a rachadh sí na bhaile teine mhór a chur síos agus leigint uirthi féin gur chaill sí snathad bheag. Annsin í na páistí a chur a chuartú na snáthaide agus nuair a bhéadh siad ag cuartú na snathaide an gasúr a chaitheamh sa teinidh. Chualaidh an ghiorsach seo agus thug sí sgéala do'n ghasúr.
    Nuair a shroich an mháthair an baile rinn sí mar h-iarradh uirthi. Nuair a scairt sí ar na páistí thainic an ghiorsach isteach agus dubhairt sí nach rabh an gasúr le fagháil. Chuaidh sí chuig Cailleach na gCearc an dara lá agus d'innis díthe nach dtearn sé maith. D'iarr sí uirthi nimh a chur in a chuid tae. Bhí an ghiorsach ag cúléisteach léithe an lá seo fosta. Nuair a thainic an mháthair na bhaile, rinn sí an tae agus chuir sí nimh in cuid tae an ghasúra. Chuir sí é féin agus an ghiorrsach 'un tseomra a ól a gcuid tae. Chaith an ghiorsach cuid tae an ghasúra sa teinidh agus rinn sí a cuid féin air. Shíl an mháthair go dtabharfadh an nimh a bhás an t-am seo.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maighread Nic Ruaidhrigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    37
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall