Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 9

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 9

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 9
  3. XML “An Coileach, an Cat agus an Dréimire”
  4. XML “Baintreach agus Gréasaí Bróg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí lánamhain ann fad ó shoin agus ní raibh acu ach aon mhac amháin. Nuair a bhí an mac bliadhain d'aois fuair a athair bás agus pósadh a mháthair aríst ar ghréasaidhe bróg. Lá amháin chuaidh a mháthair 'un tsiopa. Nuair a fuair an leas-athair an mháthair ar shiubhal mharbhuigh sé an gasúr. I dteach ceann tuighe a bhí an lánamhain ina gcomhnuidhe. Dar leis an leas-athair gur mhaith an áit folaighthe an corp a chur faoi an trighe?? as cionn na fuinneoige.Nuair a tháinic an mháthair as an tsiopa chuir sí cesit cá raibh an gasúr. "Níl sé ach indiaidh a ghabhail amach ar an doras anois" arsa an leas-athair. "Má gnidheann tusa an tae amharcochaidh mise indiaidh an ghasúra". "Maith go leor" arsa an mháthair. Nuair a bhí an tae déanta chuaidh an bhean amach a scairtigh ar an fhear. Chonniac sí an fear ag teacht agus droch chuma air. Chuir sí ceist ar an fhear cá rabih an gasúr. "Níl sé le fagháil agam" ar seisean. "An raibh sé ar bhfad ar shiubhal sul a dtainic mé?" ar sise. "Ní raibh" ar seisean "nach bhfacaidh tú fá'n doras é ar theacht duit. "Ní fhacaidh" ar sise, "ach cuidigh liom é a chuartughadh". Thosaigh an...
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Grianna
    Ainmneacha eile
    Máire Ní Grianna
    Máire (Pádraic) Ní Grianna (ainm áitiúil)
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall