Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 153
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomhaiseanna
1.Rith mé agus fuair mé é; shuidh mé agus chuartaigh mé é;dá bhfaighinn é chaithfinn uaim é agus nuair nach bhfuair mé é thug mé liom é. ( Dealg in do chois.)2.Ceathrar 'na rith, ceathrar ar crith, beirt ag déanamh an eolais agus an róibín ar deireadh ( Bó)3. Siúd thall ort é, ní trom leat ort é, ní fuil is ní feoil é, níl a'n bhall in do chorp de.
(D 'ainm is do shloinneadh)4.Chaith mé suas é comh bán leis an tsneachta agus thuit sé anuas comh buidhe le h-ór ( Ubh)5.Lán gárraidh de chaoirigh geala agus caora dearg istigh in a lár. ( Do theanga)6.Ní maith le a'n duine aige é agus nuair ata sé aige ní maith leis é a chailleadh.
(Ceann maol)7.Codluigheann sé san oidhche agus a shúil ina cheann ( Buarach na bó)8.Siúd amuigh é, siúd istigh é, siúd sa chlúdaigh é agus daichead súil air. (Cliathar na reidil)9.Each dubh idir dhá ghleann, má bhogann an t-each bogfaidh an dá ghleann. ( Beathach agus péire cliabh air)(leanann ar an chéad leathanach eile)