School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 80
- XML “An Cailín Dílis”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na giorsaighe agus an ghasúra níos mó.
Annsin thionntuigh siad isteach ina gcumraidheacht féin aríst. Bhí tart ar an ghasúr agus d'iarr an ghiorsach air ghabháil isteach i dteach a bhí ann agus deoch fhagháil. Nuair a bhí sé ag gabhail isteach, d'iarr sí air gan dearmad a dhéanamh díthe. Dubhairt sí leis go rabh cú mór istigh sa teach agus dá luighfeadh sí do'n choin é phógadh go ndéanfadh sé dearmad díthe-sin. Chuaidh sé isteach agus bhí luthgháir mhór fá na choinne. D'imthigh cailín amach fá choinne uisce le tae a dhéanamh dó. Chonnaic sí an cailín deas na seasamh amuigh fá ghiota do'n teach ag fanacht leis. Chuaidh sí fhad léithe agus thug sí tae do'n bheirt acu.
Chuir bean an toighe ceist ortha cá rabh siad ag gabhail. D'innis an cailín duithe caidé mar bhí agus cé bhí ins an ghasúr ach a mac féin a ghoid an fathach leis nuair a bhí sé na leanbh. Bhí lúthgháir mhór uirthi nuair a bhí a mac féin aici aríst. Pósadh an gasúr agus an ghiorsach agus bhí dóigh mhaith ortha ó'n lá sin go dtí an lá indiu.- Informant
- Maighread Nic Ruaidhrigh
- Gender
- Female
- Age
- 37
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall