Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 77

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 77

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 77
  3. XML “An Rí agus a Thriúr Mac”
  4. XML “An Cailín Dílis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    iomlán an fhíona. Ach indiaidh an iomláin ní rabh an fear uasal sásta a thabhairt dó. "Anois" ar seisean "caithfidh tú bád a fhaghail a rachas ar an talamh comh maith leis fhairrge.
    D'imthigh Peadar isteach na coilleadh agus casadh an fear beag dó agus d'innis Peadar a sgéal dó. Thug an fear beag an bád dó. D'fhág siad slán ag na chéile agus d'imthigh Peadar leis ag tarraingt ar an fhear uasal. Thug sé an bád dó agus thug an fear uasal an cailín dó le pósadh. Pósadh an lánamhain agus bhí sgoith dóigh ortha na dhiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí bean agus fear ann uair aháin a rabh dóigh mhaith ortha agus ní rabh acu ach giorsach bheag amháin de theaghlach. Bhí an fear amuigh a seilg lá agus chualaidh sé caoineadh thuas i gcrann. Chuaidh sé suas sa chrann agus caidé fuair sé ach leanbh beag deas. Gasúr beag a bhí ann agus thug sé leis na bhaile é. Bhí lúthgháir mhór air féin agus ar na bhean fá choinne an ghasúra. Thóg siad an leanbh go rabh sé na ghasúr mhór.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maighread Nic Ruaidhrigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    37
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall