Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Rann na Feirsde | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 5

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

sé fear agus mála ar a dhruim mar bhéadh sé ag cruinniú déirce. D'aithin Feidhlimidh Cam gur Maol Mhuire a bhí ann agus dubhairt sé "a Mhaol Mhuire, an tsúil-cham, dá mbéinn-se amuigh agat-sa, chuirfinn déirce in do mhála. Thug Maol Mhuire freagra air agus dubhairt sé "dá mbéinn-se istigh agat-sa, chuirfinn an scian seo fríd do chroidhe".

Niall Ó'Domhnaill (Séimisín)
Aois 82 bliadhain
Doire na Mainsear

Máire Amaideach agus Micí Críonna
Bhí fear agus bean ann fad ó shoin. Sé an t-ainm a bhí ortha Micí agus Máire. Bhéadh Máire i gcomhnuidhe ag sníomh agus ag cárdail agus ag déanamh gréasáin báinín. Dhíoladh sí é agus cheannóchadh sí min agus plúr air. Lá amháin bhí sé ag cur agus bhí gréasán mór báinín déanta aici. Dubhairt sí gur sin a máthair mhór le cloich mhóir a bhí as coinne an dorais. D'imthigh sí a chur an báinín ar an chloich mhóir. Nuair a d'éirigh sí ar maidin bhí an báinín ar shiubhal. Thionntuigh sí an chloch agus goidé a fuair sí ach leath stocaigh óir agus airgid. Dubhairt an seanduine gur mhaith seo fá choinne na coise tinne. Chuir sí anáirde ag bun na cruibe é. Lá amháin thainic fear isteach agus é bacach. "Ó" arsa Máire "is tusa fear na coise tinne" ag éirighe agus ag síneadh stocaigh an airgid agus...

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Máire Ní Dhomhnaill
Inscne
baineann
Aois
50
Seoladh
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge