Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 112

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 112

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 112
  3. XML “Scéal Shéarluis Bháin”
  4. XML “Scéal Mairnéalaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear as an bhaile seo a bhí ann, agus ní rabh a dhath ar a intinn nuair a bhí sé na ghásúr ach obair fairrge. Bhí a shliocht air mar comh luath is thainic ann dó bhain sé an fhairrge amach. Chuaidh sé ar cheann de na doithigh móra a bhí ag seoladh amach fhad leis na tíortha cúil. Chuaidh blianta thart as ní rabh a thuairisc le fagháil. Ní rabh fagháil air beo na marbh. Cuid a deireadh gur báidhte a bhí sé agus cuid eile a deireadh go rabh sé pósta i dtír coimhthigheach. Ach leis an fhírinne a rádh agus a dhéanamh ní rabh fhios acu cá rabh sé ná níor chuir sé lá sgolb na sgéala chuig na mhuinntir ó'n lá a d'fhág sé Rann na Feirsde.
    Mórán blianta na dhiaidh sin ar philleadh na bhaile dó i ndeireadh an lae bhí a mhuinntir uilig ar shluagh na marbh. Ní rabh fá na choinne ach ballaí fuara folamha. Chuaidh sé a...
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Sorcha Ní Gairbhe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    35
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall