Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 1

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Teann, teann, a ribe.

7adh lá, Márta 1938
Bhí bean ann fad ó shoin agus bhí triúr mac aici darbh ainm Aodh, Seán agus Pádraic. Lá amháin bhí an triúr amuigh ag obair agus dubhairt Aodh leis an bheirt eile go rabh sé fhéin ag imtheacht a shaothrughadh a fhortúin agus dá muirbhfidhe é ná a dhath olc a theacht air go n-éireochadh an abhainn a bhí ag taoibh an toighe dheirg agus annsin go mbéadh an t-am ag Seán imtheacht go bhfeicfeadh sé goidé d'éirigh dó. D'imthigh sé leis, a chú le na chois, a sheabhac ar a bhois agus a each faoi na thóin. Shiubhail sé leis go dtáinic an neóin bheag i ndeireadh an lae go bhfacaidh sé teach beag i bhfad uaidh agus gur tharraing sé air. Thánic sé go dtí and teach agus chuir sé a cheann isteach ar an doras. Ni rabh istigh ach sean chailleach a ba ghráice a chonnaic sé ariamh. Bhí dhá chlár fhiacal ag déanamh dhá chroisín díthe agus a cuid gruaige ag scuabadh an talaimh. D'fhiafruigh sé an bhfuigheadh sé loistín do féin agus do chuid eachraí go maidin. Chuir sí a láimh suas i n-a ceann agus thug sí tri ribe gruaige dó agus d'iarr sí air iad a cheangail le sin. Cheangail sé iad le sin agus thainic sé aníos go dtí an teinidh agus shuidh sé síos. Ni rabh sé i bhfad na shuidhe nuair a thoisigh an tsean chailleach a chur achan chárr air. Níor bhfada gur éirigh sí agus thug sí iarraidh ar Aodh. Bhí sí ag éirigh ró-throm aige agus scairt sí ar a chú cuidiú a thabhairt dó. "Cuidiú, cuidiú a chú", ar seisean. "Teann, teann, a ribe"

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Proinnsias Mac Páidín
Inscne
fireann
Aois
41
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge