School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 1

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 1

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 1
  3. XML “Teann, Teann, a Ribe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fad ó shoin agus bhí triúr mac aici darbh ainm Aodh, Seán agus Pádraic. Lá amháin bhí an triúr amuigh ag obair agus dubhairt Aodh leis an bheirt eile go rabh sé fhéin ag imtheacht a shaothrughadh a fhortúin agus dá muirbhfidhe é ná a dhath olc a theacht air go n-éireochadh an abhainn a bhí ag taoibh an toighe dheirg agus annsin go mbéadh an t-am ag Seán imtheacht go bhfeicfeadh sé goidé d'éirigh dó. D'imthigh sé leis, a chú le na chois, a sheabhac ar a bhois agus a each faoi na thóin. Shiubhail sé leis go dtáinic an neóin bheag i ndeireadh an lae go bhfacaidh sé teach beag i bhfad uaidh agus gur tharraing sé air. Thánic sé go dtí and teach agus chuir sé a cheann isteach ar an doras. Ni rabh istigh ach sean chailleach a ba ghráice a chonnaic sé ariamh. Bhí dhá chlár fhiacal ag déanamh dhá chroisín díthe agus a cuid gruaige ag scuabadh an talaimh. D'fhiafruigh sé an bhfuigheadh sé loistín do féin agus do chuid eachraí go maidin. Chuir sí a láimh suas i n-a ceann agus thug sí tri ribe gruaige dó agus d'iarr sí air iad a cheangail le sin. Cheangail sé iad le sin agus thainic sé aníos go dtí an teinidh agus shuidh sé síos. Ni rabh sé i bhfad na shuidhe nuair a thoisigh an tsean chailleach a chur achan chárr air. Níor bhfada gur éirigh sí agus thug sí iarraidh ar Aodh. Bhí sí ag éirigh ró-throm aige agus scairt sí ar a chú cuidiú a thabhairt dó. "Cuidiú, cuidiú a chú", ar seisean. "Teann, teann, a ribe"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Language
    Irish
    Informant
    Proinnsias Mac Páidín
    Gender
    Male
    Age
    41
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal