Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 2

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 2

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 2
  3. XML “Teann, Teann, a Ribe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Teann, teann, a ribe" ar sise "agus bain an ceann de'n bhréidín". Theann an ribe ar mhuineal an chú agus stiall sí an teann de. "Cuidiú, cuidiú, a sheabhaic" ar seisean. "Teann, teann a ribe" ar sise "agus bain an ceann de'n bhréidín".Bhain an ribe an ceann de'n tseabhac. "Cuidiú, cuidiú, a each" ar seisean. "Teann, teann, a ribe" ar sise "agus bain an ceann dé'n bhréidin". Bhain an ribe an ceann de'n each. Annsin bhuail an tsean-chailleach buille de shlait draoidheachta ar Aodh agus rinn sí carraic chloiche de. Nuair a d'éirigh Seán agus Pádraic ar maidin lá ar na bhárach bhí an abhainn comh dearg le fuil. Dubhairt Seán go gcaithfeadh seisean imtheacht anois agus dá dtiocfadh a dhath air go n-éireochadh an abhainn dearg agus annsin go mbéadh an t-am ag Pádraic imtheacht. D'imthigh Seán leis, a chú le na chois, a sheabhac ar a bhois agus a each faoi na thóin. Cé an áit ar casadh an oidhche sin é ach ag an chaileach chéadhna a rabh Aodh aici an oidhche roimhe sin. Rinn sí an cleas céadna le Seán adhus le na chuid eachraí. Nuair a d'éirigh Pádraic ar maidin lá ar na bhárach bhí an abhainn comh dearg le fuil. D'imthigh leis, a chú le na chois, a sheabhac ar a bhois, agus a each faoi na thóin agus cé an áit ar casadh an oidhche sin é ach ag an tsean chailleach chéadhna. Thug sí trí ribe dó agus d'iarr sí air na h-eachraí a cheangail ach chaith sé na trí ribe sa teinidh agus cheangail sé iad le trí shifín cocháin. Níor bhfada go dtug an t-sean chailleach iarraidh air agus d'éirigh sí ró-láidir aige. "Cuidiú, cuidiú a chú"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Proinnsias Mac Páidín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    41
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall