Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)

Suíomh:
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Doiminic Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 136

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 136

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Leathanach 136
  3. XML “Beirt a Bhí Beo Bocht a Fuair Ór sa Choillidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    seanduine uirthí an comhla thabhairt ar shiubhail ar a druim agus shiubhail sí caol díreach na dhiaidh. Bhí fearg mhór ar an t-seanduine agus níor amharc sé thart go rabh sé leath bealaigh ar shiubhail agus caidé chonnaic sé ach an t-seanbhean ag teacht na dhiaidh agus an comhla leithe ar a druim. D’fan an seanduine leithe, agus shiubhail an bheirt go dtainig siad go dtí coillidh mór-agus caide tcí siad ina suidhe ag bun crainn ac beirt fhear dhubha agus iad ag cunntas a gcuid airgid. Tháinig eagla ar an t-seanduine agus ar an t-seanbhean agus chuaidh siad suas i gcrann a bhí ann. Bhí siad ag smaointeadh caidé ba cheart daobhtha a dheánadh. Sa deireadh leig an t-seanbean do’n chomhla tuitim anuas ar na fir dhubha. Shíl siad-san gur an spéir a thuit ortha agus d’imthigh (na) siad fríd an choillidh le h-eagla.
    Annsin tháinig siad anuas as an chrann agus thug leobhta iomlán an óir agus bhí a sáith le h-ithe agus le h-ól aca go dtí’n lá a bhfuair siad bás.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1386: Meat as Food for Cabbage
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Gráinne Bean Mhic Cnáimhsighe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    36
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall