Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
- XML Leathanach 135
- XML “Beirt a Bhí Beo Bocht a Fuair Ór sa Choillidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)domhsa é, chuaidh mise amach a mharbhuigh mé iadsan”. “Plóid ort” ars’n seanduine “ní sheaseochaidh mó theach nó áit leat”.
Bhí go maith as ní rabh go h-olc go dtí lá thar na bharach agus d’imthigh an seandhuine arais. Annsin thug an t-sean-bhean leithe giota feola agus chuir sí ‘sa phóta é fá choinne an dinneara. Bhí garaidh beag cáil ata ba mhaith leis an t-seanbhean fios a fhaghail an rabh giota feola aicí os [doinne]? achan cearthún cháil da rabh sa gharaidh. (ag) Thug sí leithe an fheoil agus d’fág sí giota de na luighe ar achan ceartlín cháil annsin tháinig sí isteach agus níor smaointhigh sí ar an fheoil a thabhairt leithe. Tug madaidh an bhaile mhóir leobhtha iad agus ní rabh dha phóta ach aon ghiota amháin.
Nuair a tháinig an seanduine an oidhche sin chuir sé ceist an rabh a shuipear réidh, “tá anocht” ar sise “ach ní bhéidh go brath arís” “cad cuige seo” arsa’n seanduine.
Annsin thoisigh an t-seanbhean agus d’innis sí dó caidé mar bhí. “Plóid ort” arsa seisean ní seaseochaidh mó teach nó áit leat.
“Go amach agus tabhair leatn an doras ar do dhruim”.
“Shíl an seanbhean gur iarr an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Gráinne Bean Mhic Cnáimhsighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 36
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall