School: An Róisín (roll number 4738)
- Location:
- An Reannaigh Dhubh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Cathal Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Róisín
- XML Page 321
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)16. Súid amuigh an tsrídeog, súid astoigh an tsrídeog, thig ridire na gceithre gcos, a’s bhéir sé leis an tsrideog. (Freagra : cat.)
17. Seanduine beag donn, a’s a bhothan ar a dhruim.
(Freagra : seileidhe)
18. Téigeann sé thart fán teach agus túirne beag i na thóin.
(Freagra : cearc a’s uibh)
19. Téigeann se thart fán teach agus a phutógha i na dhiaidh
(Freagra : ceart a’s eilín)
20. Congbheochadh mo bhois é, a’s ní congbheochadh clar an chórra é. (Freagra : uibh)
21. Trúir, ceathar codroma, seisear ar an bhall, gan suil nó beul ar cheathar aca agus iad uilig ag cainnt (Freagra : na píoba).
22. Rith mé a’s fuair mé é, shuidh mé a’s chuarthaigh mé é, dá bhfuighinn é chaitfinn ar shiubhal é a’s nuair nach bhfuair mé thuig mi liom é. (Freagra : dealg)
23. Poll dubh ilár na malacha agus dhá chnoc ar gach taoibh de nuair a pógfas an poll dubh pogfas an dá cnoch.
(Freagra : asal a’s dhá chliabh air)
24. Cá mead ruball gamhna a racfadh go dtí an spéir.
(Freagra : ceann amhain da mbeadh sé fada go leor)(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Dómhnaill
- Gender
- Male
- Informant
- Sean Ó Dómhnaill
- Gender
- Male
- Address
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall