Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 58
- XML “An Madadh Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i dtoigh a h-athara lá thar na bhárach.
“Nar mhéadhnóir,” arsa sise, “da mbínn ann.”
“Tá an dearbhrathair is sine do do chuid ag gabhail a phósadh,” arsa an madadh dubh.
Thug sé leis siosúr agus ghearr sclabhóg as a cuid éadaigh. D’fhás culaith geal lásaigh uirthi.chuaidh sé amach agus tharraing tom saileóige duibhe as bruach na fairrge agus rinne cóiste de a rabh ceithre rothaí air.
Chuir sé í fhéin agus an leanbh isteach ann agus chuaidh sé fhéin ‘a tharraingt amach ar an fhairrge. Shnámh sé leis go rabh sé faoí theach a h-athra. Bhí cruinniú mór daoine ag an teach. Bhí an dá dheirbhsiúir ann, agus a gcuid fear. Ní rabh aon bhean ins an chruinniú a bhí comh coithte le bean an mhadaidh dhuibh. Bhí a cuid deirbhsiúir ann agus ní rabh aon deor fhola ina n-aghaidheanna. Bhí a gcuid súl slugtha siar ina gceann.
Nuair a shuidh siad a íthe bhí an madadh dubh faoí’n tábla. Ní rabh aon ghreim dar íth sise nar chuir í dhá ghreim chuig an mhadadh dhubh faoí’n tábla. Ní rabh aon ghloine dar ól sí nar chuir sí dhá ghloine faoí’n tábla chuig an mhadadh dhubh. Nuair a chuaidh siad a luighe, ní luighfeadh sise áit ar bith ach tar phionainn luachrach chois na teineadh. Luigh an madadh dubh ag n-a taoibh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Dhuirnín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall