Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus a chaitheamh na n-ubhlaí searbh anuas chuig an eallach. Le sin go díreach chuaidh an talamh ar crith agus seo anall an fathach fhad leis agus dubhairt, " is mór an croidhe duit mac iascaire bocht na hÉireann scallta a theacht anall a chur troda orm-sa in mo thír fhéin" Chuaidh an bheirt aca le chéile. Sháith gach duine aca é fhéin ins an talamh go dtí basta a mbríste.An oidhche seo teacht 'na bhaile do bhí cuid mhór cnéach air. Thug bean a' toighe buidéal na híocshláinte léithe agus chuir ar na cnéacha é. Ar maidin lá thar na bhárach chuaidh an bheirt le chéile arais. Bhí an maighistear amuigh ag coimhead ortha an lá seo nuair a chonnaic sé goidé mar bhí chuaidh sé chuig sean-dall a bhí ar an bhaile agus d'innis an t-iomlán do. Dubhairt an dall leis, ní mhairbhfidh duine aca an duine eile go gcaithfear colman síos eatorra. Mharbhuigh an maighistir colman agus chaith sé síos eadtorra é. Le sin mharbhuigh an fear an fathach agus d’fheann sé é. Fuair sé ubh istoigh sa cholman agus eochair istoigh san uibh.D’imigh sé leis annsin go dtainic sé go dtí caisleán. D’fhoscail sé an doras(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Antoin Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall