Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 146

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 146

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 146
  3. XML “Aodh Bán agus Séamús Crón”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Aodh Bán agus Séamus Crón go raibh go leor deánta acu agus d’imthigh siad go dtug siad iad fhéin i bpriosún Leithbhear agus go dtug siad suas an dá ghunna do’n ghárda.
    Siubhail siad annsin go raibh siad i Mín an Lábáin, agus pill siad arais annsin a d’iarraidh a gcuid ara a congbhóchadh beo iad, na ní raibh dadaidh eile le na gcongbháil beo ach éanacha an aeir a bhí siad a sgaoileadh agus a íthe. Nuair a phill siad fa choinne a gcuid arm dubhairt an Gárda gur bh’iadsan na fir a bhí siad a dh’iarraidh agus cuireadh isteach i bpriosún iad. Bhí siad le cur ar a bhfiacail gach uile coithchighe ach sé an deireadh a bhí air gur crochadh Séamus Crón agus cuireadh Aodh Bán ‘na Tuirce. Díoladh é mar sglábhaidhe san Tuirc. Thug Séamus Crón fáinne bhí aige dó Aodh Bhán sul ar crochadh é, agus d’iarr sé air dá dtiocfadh sé a coidhche go hÉirinn an fáinne a thabhairt do na íngin a bhí na cómhnuidhe i Leitir ‘Ic a’ Bháird.
    Ba é an obair a bhí ar Aodh Bhán sa Tuirc ag iomchar sac salainn as a’ bhaile mhór gach uile lá, agus é ag siubhail ar a ceithre boinn. Bheirfeadh sé leis an sac sin faoi n-a ascaill dá bhfuigheadh sé ceud sin a dheánamh ach ní bhfuigheadh. Ba é sin an pionus a cuireadh air. Ba é an meadhchon a bhí ins an mhála sé clócha déug.
    Nuair a sháruigh ar Aodh Bhán lá amháin d’iarr sé ar a mhaighistear an mála a tharraingt amach ar a dhá ghualainn. Rinne an maighistir mar h-iarradh air agus nuair a fuair Aodh é ag tarraingt aniar a’ mhála thug sé amach sgian as a phóca agus thug sathadh do’n
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cáit Bean Uí Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Catha, Co. Dhún na nGall