Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé go bárr cnuic. Casadh tobar air a rabh madadh beag ribeach ruadh aige. D'iarr an madadh "comhair agus cuid" ar an ghasúr acht dubhairt sé go rabh sé beag go leor aige fhéin. Mheasg an madadh a ruball ins an tobar agus chuir sé uachtar fola agus iochtar meala air.
Shiubhail an gasúr leis gur casadh maighistear do. D'fhastóid sé leis go cionn lae agus bliadhna. Rinne siad margadh an chead duine a mbeadh fearg air go mbainfidhe léab de'n chluas agus léab de'n bhoilg dó.
Cuireadh an gasúr a bhualadh coirce
agus níor tugadh aon greim bídh do. Thainig an maighistear chuige tráthnóna agus dubhairt leis. "An bhfuil fearg ort"? Dubhairt seisean go rabh. Baineadh léab de'n chluais agus do'n bolg do agus cuireadh na bhaile Gleann Domhain chuig na mháthair é.
D'iarr an tríomhadh mac ar a mháthair tuirtín a deánamh do. Rinne sí an tuirtín agus thug sí do. Chuir sí ceist air cé aca a b'fearr leis
an leath agus a beannacht no t-iomlán agus a mallacht. Dubhairt sé go rabh a sháith ins an leath. D'imthigh sé agus casadh an madadh beag ribeach ruadh air. D'iarr an madadh comhair agus cuid air. Dubhairt sé go dtabhairfeadh agus fáilte(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Searlas Ó Searchaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall