School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)

Location:
Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
Teacher:
M. Ní Amhalaghaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 047

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 047

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Thanaidhe
  2. XML Page 047
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean thios i Loch an Úr i bfad o shoin agus bhí gnaithe isteach na Chlochan Leith aici lá amhain agus bh dornán maith airgid leithe. Ar a chasán arais duithe bi aici le dhul treasna an chnúic mar aithghiorra. Suidh sí sios leis na bróga a baint duithe agus caide tcidh sí ach coinín bréagh gaibhthe istoigh in ndull agus dar leithe fhein go dtabair feadh si leithe é agus go mbeadh dinnear [bre]? aicí air la thar na barach. Bhí nóta chuig bpunt leithe na ciarsúr agus chas sí an ciarsúr [caric]? ar muineal an coinin. Siubhal leithe trasna an cnuic go breagh sasta agus an coinín leithe go dtí go dtainic sí go dtí deireadh an aithgiorra.
    Shuidh sí sios annsin arais leis na bróga a chur uirthi agus d’fág an coinín síos le na taobh. As go brath leis an choinin an meid a bhi ‘na [cor]? agus an ciarsúr agus an meid a bhí ann ar a mhuineal. Ní rabh fios ag an creatur caidé bhí le deanamh nach daor a cheannuigh sí an choinín a ghoid ach ni rabh neart air. Le sin tcídh sí fear ag teach anoir an bealach mór ar a chasan na baile mhor.
    D’innis sí an sgeal do. Chuaidh seisean go dtí an Clochan Liath agus d’innis do ‘acha’n duine e. Nior fhan aon duine sa Clochan Liath a rabh gunna acu na dteachaidh ar thoir a coinín agus fuaras sa deireadh é agus an ciarsúr agus an chuig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Language
    Irish