Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 109
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháin chuaidh trúir fear amach ag siubhal. Trúir dearbhrathair a bhí ionnta. Thainig siad fhad le teach agus arsa fear amháin acu “Caithfhidh mise a dul isteach annseo” no tá gar- nighean agam ina comhnuidhe annseo “Caithfidh mise a dhul isteach fosta” arsa an dara fear. “No tá gar-mac agam na chomhnuidhe annse” “Maise caithfidh mise a dhul isteach” arsa an triomhadh duine “Agus níl gar-nighean no gar-mac istoigh agam” Goidé’n ghaol a bhí ag an triomhadh duine den mhuinntir istoigh. (A n-athair)
Anonn agus anall ar bharr an uisge agus ní theigheann se chomhair an uisge (uibh i dtón loch)
Cé suid siar an phortach nighean Phadrach na mBeann tá cloighín óir ar bharr a boise agus caol a coise ag gabhail fríd a ceann (tuath)
Ceathrar ar rith, ceathrar ar crith beirt ag deanamh an eolais agus an ruballín ar deireadh
(Bó ag rith)
Rith mé agus fuair mé, shuidh mé(leanann ar an chéad leathanach eile)