Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)

Suíomh:
Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
M. Ní Amhalaghaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 046

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 046

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Thanaidhe
  2. XML Leathanach 046
  3. XML “Lucht Siúil”
  4. XML “Micheal Chordain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 2. Micheal Chordain.
    Bá é sin fear as Conndae Ciarraidhe a bhiodh ag gabail frid Doire-Leac-Connaill tuaraim is leith-chead bliadhain o shoin. Bhí neart Gaedhilge aige agus Bearla fosta. Leigfeadh se air fhein go rabh se amaideach ach bá é sin an fear a bhí stuamda ceillidhe. Is iomdha teach i nDoire-Leac-Conaill ar chaith se oidhche ar loistín ann. Bhí se iongantach clisde agus dheanadh se ramas agus bfaiteadh na súl agus daithneochadh se ‘acha’n dhuine. Lá amhain tainic se go dtí’n bhaile seo. chuaidh se isteach i dteach. Bhí fear an toighe ar a urnaighe. Bhí se iongantach aosta agus bhí ceann liath air agus ars Miceal “Fear liath ag cainnt le Dia agus cinnte ní bheidh se olc fa’n Biadh”. Bá dheachar an creatúr a dhiultadh bí se ar loistin i dtoigh Bhriain Mac Riada an oidhche sin agus bhí seanchas mór aige fhein agus Cathal Mac Riada mac de Brian tá se ‘na sean dhuine anois agus dinnis se do gurab é an tighearna talamh a chuir as a seilbh é. Nuair a chualaidh an aos óg gó rabh se sa toigh seo chruinnigh siad isteach chuige agus dainmnigh se d’reir ceann as ceann iad.
    Thainig comharsanach isteach Paddie Condai Bhain a bainm do. Nuair a thainig se isteach arsa Miceal “Paddie Chondaí Bhain an chead banbh a bhí ag an chrain”.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Nic an t Seaclann
    Inscne
    Baineann