Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 030
- XML “Arán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an am a bhí ann i bfad ó shoin ní rabh plúr ar bith ag gábhail ach go fíor annamh. Ní rabh anas mín bhuidhe ortha ar sgor ar bith agus i mbunadhas an ama sé arán mín bhuidhe a bhéadh acu. Bhí daoiní cliste ag gábhail roimhe no leóga fhéin ní achan duine a thiocfadh na rudaí ceudhna a dhéanamh anois. An dóigh a ndéanfadh siad an arán Bhí miasg acu leis an aráin amháin a dhéanamh, chuirfeadh siad cupla cráig mín bhuidhe isteach ann agus (cuirfeadh) braon uisge té a chuir síos air agus gráinín beag salainn, annsin é a shuathadh go maith fríd a chéile go dtí go mbéadh sé i ninnimh a thógail as a mhiasg, é a chur ar an tábla go ndéanfadh siad go measardha tanaidhe é le na cuid lámha. Dheanfadh siad ceatramhna dé annsin agus rósadh siad é ar an timthire teallaigh.
Aran Min Choirce.
Amannaí eile nuair a bhéadh ganntanas mín bhuidhe acu b’furust daobhtha mín choirce a fhághail no tá áit i nDoire Leach Conaill a dtugainn siad “pollán na Brónach” air an áit a ba gnáthach leobhtha an coirce a mheilt le mín cóirce a dhéanamh(leanann ar an chéad leathanach eile)