Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 157
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Ní h-e lá na gaoithe lá na scolb.
2. Is fearr uaigneas maith na droch chuideachta.
3. Nuair a thig an fhaill thig an chaill.
4. Bfhearr duid do cleamhneas a dheanamh san chairn-aoiligh na do chuirdeas críosta a bheith i bhfad o bhaile.
5. An té nach ndhean a ghnaoithe i n-am bíonn sé ina phleusam.
6. Is glas iad na cnuic í bhfad uainn.
7. An té nach gcuireann san Earrach ní bhaineann sé san Fhoghmhar.
8. Can focal na dho is mar dtar leat tar leo.
9. Ní dhoigh sean chat é fhéin ariamh.
10. Ní mar siltear bítear.
11. Mas corrach an madadh ruadh beirfear san deireadh air.
12. Caithfidh an bás a chuid fhéin a fhaghail.
13. An té buailtear san cheann bíonn eagla air.
14. Tús maith leath na h-oibre
15. Misneach maith leath na h-eachta.
16. Na bí ró-dhana ar an fhairrge.
17. Éist le fuam na h-abna agus gheoibh tú bric.(leanann ar an chéad leathanach eile)