Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)

Suíomh:
Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
M. Ní Amhalaghaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 006

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Thanaidhe
  2. XML Leathanach 006
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1. Bhí an fear seo ina chomhnuidhe i gceann loch Fínne agus an t’ainm a bhí air Leithghin.
    Is úaidh a fúair Gleann Léithghin a ainm agus is uaidh a fúair Crúach Léithghin a ainm, sín cnuc mór ata ar an taoibh eile de abhann an Ghaoith Béarra. Lá amháin thug sé léim gó mullach ná Sgréige agus d’iomchar sé an chloch a ba mhó ar an Sgréig ar a dhruim gur fhág sé í mullach cnuc ná Stúalaide. Thug sé an chloch a ba-mhó ar chnuc na Stúalaide léis annsin gur fhág se í i mullach Shliabh Sneachta. Annsin thug sé léim gó Dún Lúaithe. Thionntuigh sé thárt agus thug sé an chloch a ba mhó ar chnuc na n’Agállaí leis ar a dhruim agus ní dhean sé sgríste gur fhág sé í í Mín ná Toitín. Annsin phill sé ar an bhaile agus thainig sé thárt na cásaidheacha. Deirtear fhosta gurab é na lorgneacha a dfhág sé le ná shála ins an áit a thug an t’ainm do’n bhealach-mór sin. “Na Cásaidheacha.
    Cúaidh se na bhaile annsin agus é lag leis an ocras, indhiaidh an obair sin uilig a dheanamh í lá amhain.
    2. Bhí an fear seo eile ina chomhnuidhe thiar i n’Doire-Leacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Duibheannaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Dhún na nGall