Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)

Suíomh:
Doire Sheanaigh, Co. Donegal
Múinteoir:
M. Ní Amhalaghaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 126

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 126

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Thanaidhe
  2. XML Leathanach 126
  3. XML “An tAonach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I bhfad ó shóin ní rabh aonach ar bith níos comhgaraigh dúinn no “Aonach ná Dubh-Chorradh”. Ach níl an t’aonach annseó anóis. Sé an fath ar cuireadh deireadh léis an aonach sin. =Bhiodh troid ann i gcomhnuidhe is cuma ce’n t’am de’n bhliadhain a bheadh ann. Bheadh an t’aonach annsin i gcomhnuidhe ar an cuigeadh-lá-fichead dé achan mhí. Tá an t’aonach i mBaile-na- Carraige anois ar an ficheadh lá d’achan mhí. Sé an fath ar tugadh “Baile-na-Carraice”, aír. = “Carraic uilig atá már urlar i m’Banc an éallaigh, annsin báisteadh b “Baile-na-Carraice” air. Ta an charraic sin sa bhánc ó nadúr.
    I bhfad ó shóin théigheadh ceannuightheoirí o thíg gó tigh a’ cheannacht stuic. Thiocfadh siad thart i gcomhnuidhe roimhe an aonach, ag deanamh gó bhfuigheadh siad corr dhuine bog agus gó n’dhíol - siad iad ar leath luach. Tá siad a dheanamh sin annseó gó foill. Nuáir a béithfidhe ag díol capall nó asál an t’am sin agus an díolaidh ag bruth luach maith a fhaghail aír. Iomfidhe é lé dámheas gó díreach már dheanfidhe léis ná caoirigh. Sé sin fa-choinne cúma óg a chur air. Siad ná h-aontuighe is mó lé radh, thart fá-seó “Baile-na-Carraice.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Duibheannaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Duibheannaigh
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    91
    Seoladh
    Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Donegal