School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)
- Location:
- Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: M. Ní Amhalaghaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Thanaidhe
- XML Page 015
- XML “Gaiscíocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé go n-iomcaradh sé oiread eile. Uair eile chuaidh sé siar go teach Seámus Bhag, dhá míle go leith ar shiubhal, agus d’iomchar sé mála dhá chéad mine amach í gcul na cruaiche móire, amach go abhainn na marbh agus níl aon nduine a bhfiafreochfa de, nach n-innseochadh siad an cineal ceadhna díot.
Bhí fear eile thuas annseo ar Ard an Rainigh agus Peadar Bhreathnain air, agus bhí cloch mhór ós coinne amach an toighe, agus nÍ rabh fhíos cá mhéid tonna meadhcain a bhí innti. D’iarr sé ar Sheámus Chit, agus ar Eoghan na Binne, (beirt fhear as an chomharsanacht) an chloch a chur ar a dhruim agus go n-iomcharadh sé í.
Tá scéaluidhe mhór í gClochar na gCaorach agus Connall ‘ac Cormaic is ainm de. Ghlachadh sé trí seachtmhaini a chuid scéaltai uilig a scríobhad dé mhéad is ata aige. Tá sé ceithre scór go leith bliadhantaibh.
Tá cupla scór bliadhain ó shoin, nuair a bhí an t-am cruaidh ag na daóini, d’éireochadh na mná roimhe an lá, agus dheanfadh siad tuírtin bocstai, agus d’imteocadh siad leis go Gleann t-Suilighe an t-am sin ar máidin ag cosaidheacht, no ní rabh rothar ar bith le faghail an t-am sin, ach mar(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Duibheannaigh
- Gender
- Female
- Address
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Dhún na nGall