School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)
- Location:
- Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: M. Ní Amhalaghaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Thanaidhe
- XML Page 009
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fanacht go dtí go mbéadh siad ag a taobh annsin d’imtheochadh sé le na uirnéis agus rítheadh sé ar fad go dtí go saróchad sé na péas.
4) Bhí fear i nDoire-Leach-Conaill a dtugainn siad Eamonn Mac Gaoithin air agus tá sé ocht mhile dhéag o seo go Tobar a Dúin. Bhal bhí sé abalta ghábhail a choisidheacht go Tobar a Dúin agus arais i gcúig uaire.
5) Bhí fear in a chomhnuidhe i mbaile na Carraige a d’tugainn siad Padraig Mac Aodha agus bá gnáthach leis ghábhail go Fóghmhar na Sasanach. Am amháin roimh a d’tearn sé a bhricfeasta ar máidín thamhais sé é fhéin le greann agus nuair a bhí bhricfeasta ithte aige thomhais sé é fhéin arais agus bhí an dara meadhchain cloch agus púnta níos truime.
6) Bhí bean i nDoire Leach-Conaill a dtugainn siad Brighid Ní Aodha uirthí agus lá amháin chuaidh sé na Ghleannta fá choinne céad míne. Fuair sí an mhín agus d’iomchar sí an mhín go dtí áit a d’tugainn siad na Beanna Buidhe air, bordaibh seacht míle o Doire-Leach-Conaill. Rugadh mac óg aicí annsin agus d’iomchar sí an mac agus céad na míne na bhaile go Doire-Leach Conaill.
7) D’fág Eibhlin Ní Dubhghain Doire-Leach Conaill ag gábhail go o tharlann Leithbhearr. Nuair a chuaidh sí go Baile Bó Féith ní rabh sí i Leithbhearr(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Criada
- Gender
- Female
- Address
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Dhún na nGall