Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ocras air théidheadh sé glan díreach fhad leis an áit a bhíodh boladh na feola teacht as.
D'ithfeadh sé agus d'ólfadh sé annsin ag an chailín eile agus dhéanfadh sé a chomhrádh leithe go mbeadh an dubh sholus ann. Bhíodh an cailín eile ar na daorthaibh le héad.
Mhair siad ar an obair seo go ceann tamaill fhada agus ní raibh ceachtar aca ábalta tabhairt ar mhac an ríogh tuitim in grádh leithe. Lá amháin chuaidh cailín na luibheanna fhad le sean draoi agus d'innis a sgéal uilig agus go mbeadh mac a' ríogh aici le fad ach gur bé cailleach na gcearc. Thug seisean luibh di agus d'iarr uirthi an luibh a bhruith ina pota agus a chathamh thart ar an samhaidh agus nuair a thógfadh an cailín eile cuid de'n tsamhaidh le cur i mbéalaibh na gcearc go sorrochadh sí boladh deas as agus go gcuirfeadh sí ina béal é agus nuair a dhéanfadh sí sin go mbeadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)