Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 322

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 322

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 322
  3. XML “An Dálach agus an Caisleán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Am amháin bhí Dálach ag dul a dhéanamh caisleáin agus ba mhaith leis an caisleán seo a bheith i bhfad níos deise ná caisleán ar bith dá raibh in Éirinn.
    Sular thoisigh sé tháinig bean fhad leis agus dubhairt sí go gcuirfeadh sise trí shaoir fhad leis a dhéanfadh an cineál caisleáin a bhí a dhíth air ach go gcaithfeadh sé fáilte a chur rompa achan lá. Seo an fhálte:
    "Coiscéim chorrach ar chlochán
    Coiscéim fhada ar fhéar
    Siúl an chamáin réabhaidh
    'Sé bhur mbeatha mar aon fhear."
    Tháinig na saorai agus bhí fear as Sasain aige fosda.Nuair a bhí an caisleán déanta sháith an Sasanach torr i mbárr plainnc mhóir a bhí 'na sheasamh amach os cionn an chaisleáin agus chuir sé an Dálach faoi gheasaibh an torr a tharraingt. Tháinig an síogaidhe amach agus sháith sé an torr i mbarr an phlainnc agus chuir sé an Sasanach faoi gheasa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann