Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- A Sgathain na subhailce, Airc na Reacht,
A Chathair na hEagna agus na hUmhlacht
Sábhail sinn le céim do Mhic
In uair uile agus an éiric.A Réalt na maidne, a Ard Ríoghain
Seachain sinn ar mhothú na bpian.
Go moltar fá do choimrigh gan mhaoidheamh
An tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh. Amen.
Paidir ar a Dhul a luighe
Luighim leat a Dhia agus luighfidh Dia liom
Luighim eadar dhá láimh de Cholmcille liom
Sgiath Mhíchil, brat na fírinne faoi, a's mo chionn
Gárda na nAingeal go raibh ar mo cheann. An dá phaidir seo ó Mhícheal Ua Dochartaigh, An Cuirrín, a fuair ó na athair iad; giota eile caillte- mo thruaigh.
R Ní B- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ua Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Curraoin, Co. Dhún na nGall