Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mac a'ríogh le tráthnóna a chathamh aca.
Gnidheadh an Chailleach Draoidheachta lán a phota de luibheannaibh a bhruith a raibh an boladh is deise ar an domhan astu agus nuair a bhíodh mac an ríogh ar an tsliabh ag seilg mhothuigheadh sé an boladh deas seo agus d'imthigheadh sé ar an bhomaite a' tarraingt air.
Bhíodh an cailín og 'na suidhe taobh leis agus shuidheadh seisean go raibh na luibheanna bruighte agus go n-imtheochadh an chumhracht agus théidheadh sé ar shiubhal aríst. Ní raibh sé ionbhuidhte aisti na cupla uair sin ach dfhanadh sé aici nó chaitheadh sí an chuid eile den lá ag cuartú tuilleadh lubh fá choinne an darna pota.
Nuair a tchidhfeadh an cailín eile mac a' ríogh 'na shuidhe ag a namhaid mhairbheadh sí cearca agus chuireadh sí sop samhaidh i mbéal gach cinn agus thoiseochadh sí dhá rósadh. Le linn an méid ama a chaithfead mac a ríogh a sheilg an chéad uair agus annsin 'na shuidhe ag an phota draoidheachta bhíodh an cant(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)