Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 411

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 411

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 411
  3. XML “In Ainm Dé le Buaidh”
  4. XML “Paidir i ndiaidh Dhul a Luí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. In ainm De le buaidh,
    A Mhic a d'fhulaing an phian,
    A Mhuire agus a Mhac go raibh liom ar mo thriall.
    Íosa! cas damh ins an phort;
    ná leig mo anam bocht thart
    Is mór mo eagla roimhe do Mhac
    Ag iompar na naomh go raibh mé
    Ag éisteacht le guth na n-aingeal
    Ag moladh Dé tré shaoghal na saoghal.
    Amen
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Faisnéiseoir
    Conn Ua Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Bheathaidh Mhór, Co. Dhún na nGall
  2. PAIDIR INDIAIDH DHUL A LUIGHE
    Mar luighimse ar an leabaidh seo
    Mar shíntear mé 'san uaigh.
    Mac Dé dhéanaimse m'fhaoisdean leat ar uair mo chodlata.
    A Mhaighdean Mhuire bí ag mo cheann
    agus a naoi n-aingil bí ag mo bhuinn
    Tar ar an dílis Dé, tar in am
    le ola Chríost a chur ar mo anam
    Agus ceangal Chríost a chur ar mo chrámh.
    An dá phaidir seo ó Chonn Ua Dochartaigh, An Beathach Mór.
    R Ní B
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.