Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 381
- XML “Na Colmáin Bhána”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do mhac agus tabhair leat é féin agus an t-airgead.D'imthigh siad ar leath shodar nó ba mhaith leo oiread mílte agus thiocfadh leo a chur eatorra féin agus an fear beag ribeach ruadh.
I gcionn tamaill shroich siad an margadh.
" Dhéanfaidh muid rud beag eile airgid sula dtéidh muid 'na bhaile ", arsa an mac dá thionntú féin isteach i mbolóig. D'iarr sé ar a athair é a dhíol agus nach mbeadh sé leathbealaigh 'na bhaile go mbeadh seisean leis.
Rnneadh amhlaidh agus fuair an t-athair fiche punnt ar an bholoig. Ní raibh sé coiscéim coiligh ar an bhaile mór go bhfuair an mac greim air.
I gcionn tamaill eile tháinig siad go dtí baile mór eile. " Dhéanfaidh muid méadú beag eile ar ár stór," arsa an mac. Rinne sé each dó féin agus d'iarr ar an athair é a dhíol, ach gan an adhastar a thabhairt do'n té a cheannochadh é.
Rinneadh amhlaidh. Ba hé an fear beag ribeach ruadh a cheannuigh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Gloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall