Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 347
- XML “Séamus agus na Marcaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)theanaidh agus gidh gur duine é a d'ólfadh gloine níor bhlas sé aon deoir agus theann air 'na bhaile.Bhí clapsholas ann nuair a bhain sé an baile amach agus amach leis an mhnaoi go dtearn sí sgrúdú géar ar an mhuc ach shásuigh an mhuc í agus tháinig sí isteach, rinne tae do Shéamus agus chuir na mílte ceist fa'n aonach.
Thosuigh an bheirt ag cathamh chuig an mhuic achan lá go dtí sa deireadh gur éirigh sí bheith ina mhuic comh bréagh agus thiocfadh leat fheiceáil. I ndeireadh na dála an lá roimhe aonach Árd a Rátha sgairt an bhean ar Shéamus agus dubhairt leis. "Tabhair leat an mhuc sin go haonach Árd a Rátha agus tá seacht bpunnt beag go leor uirri. Is fearr an t-airgead againne in deireadh an tséasúir."
" Maith go leor,", arsa Séamus" dhéanfaidh mé sin agus fáilte". Chuaidh sé 'un aonaigh agus fuair sé díreach seacht bpunnt druidte ar an mhuic. Bhí bród air siocar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eadmonn Mhac Eitheogáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall