Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mhac Chonchubhair na gCrosann, agus go raibh na cinn le baint díobhtha lá thar na bhárach ag Trí Rí Innse Tuileadh as an Domhan Thoir, agus go raibh naoi gcabhlach is fichid ar ancaire ag fanacht ar lá thar na bhárach go mbainfeadh siad na cinn de na Fiannaibh.
D'fhiafraigh Diarmuid do Fhionn a raibh dóigh ar bith a dtiocfadh iad a réidhtiú.
Dúirt Fionn nach raibh ach le fuil trí Rí na Tuilleadh a cheapadh i gcórn Rí an Domhain.
D'imigh Diarmuid agus chuir air éideadh nach n-aithneochaidhe é, thug leis bascoid spíosraidhthe agus chuaigh fhad leis an chuan isteach 'sa champa a raibh cruinniú mór de na saighdiúirí a' díol na spíosraidhthe leo.Bhí fear amháin ag rann díghe ar fad orra as córn Rí an Domhain a bhí aca an oidhche sin ag ól as le luthchair agus iollghairdeachas go raibh siad ag dul a bhaint na cinn de na Fiannaibh lá thar na Bhárach. Bhi buaidh ar an chórn seo ciab' ar bith cineál dighe ar mhaith le duine a fháil ní raibh aige ach a rádh agus bhí sin sa chórn.
Tugadh an córn do Dhiarmuid mar duine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionnseas Ua Braonáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall