Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tine i lár an urláir. Bhuail an codladh a ba troime iad a mhothaigh siad ariamh agus shín cuid aca iad féin ar an urlár agus achan dóigh ach ba ghoirid gur mhothaigh siad iad féin greamuighthe do'n talamh le sioc gan iad ábalta mothú nó corrú.
Tháinig Diarmuid a' tarrraint ar an dinnéar ach i bhfad sul mar dtáinig sé ar amharc na háite mhothaigh sé an éagchaoint agus na hosnaí truaghchaointe istigh san uathaigh.
Nuair a tháinig sé go béal na huathaighe scairt sé isteach caidé bhí cearr. Scairt siadsan leis gan a theacht níos faide nó go raibh siadsan uilig ceangailte do'n talamh le draoidheacht agus gan fear acu ábalta bogadh nó corrú. Scairt Diarmuid le Fionn agus d'iarr air ordóg a chogaint, rud a rinne i ndiaidh a láimhe a tharraingt ó'n talamh agus an craiceann agus cuid de'n fheoil 'sa' tsioc.
'Sé an fios a fuair sé go raibh siad ceangailte le draoidheacht ag triur ingeanacha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionnseas Ua Braonáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall