Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhór ramhar dhubh a bhí 'sa' phéist, cár fiacal aici a scanróchadh an domhan mór agus muing uirthi a bhí níos gairbhe agus níos láidre nó muing capaill;dhá shúil thintreach deirg ina ceann agus cluasa in airde uirthi níos airde nó cluasa asail.
Scairt a raibh ar an bhealach suas uaidh leis an Bhaoghlach rith lena shaol nó shíl siad uilig go mbeadh sé slogtha i mbomaite. Amharc amháin a thug an t-eascon air go dtug sí alrába (?) air ach tharraing seisean a chlaidheamh agus bhain giota den eireaball di. Ach gur bé sin bheadh deireadh thart.Thug sí an darna dubh-iarraidh air agus fuair greim ghualainn air. Chonaic an Baoghlach go raibh sé caillte agus bhain sé an bhróg dá chois.Ní luaithe a rinne nó chaith sí í fein ar an eascon agus bhuail leis an chois í fán cheann. Thit sí síos siar socair i mbomaite ach bhí guala an chóta, giota dá charabhat agus guala na léineadh ar fad ina béal. Go hádhúil ní bhfuair sí fhad leis an chraiceann.
Tháinig na daoine uilig anuas, agus chuir siad carn cloch ar an eascon, clocha móra troma agus tugadh Carraig an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Braonáin
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Proinnseas Ua Braonáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann