Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 278

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 278

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 278
  3. XML “Loch Charraig an tSeascainn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag an té a chuaigh 'un comhraic léithe.
    Anois,bhí cú ag an Bhaoghlach a raibh cos nimhe aice agus chaithfeadh sé an chos seo a choinneáil clúdaithe ar fad nó rud ar bith a dtiocfadh an chos nimhe air, bhí sé marbh.
    Chruinnigh muintir an tSealgáin agus na ndúthaigh thart fá dtaobh de an lá seo leis an troid a fheiceáil. B'fhada roimhe seo ó chuir aonduine acu ceann nó cos taobh amuigh den doras ar eagla roimh an phéist.
    Tháinig an Baoghlach ina chóiste ceithre beathach agus a chú nimhe lena thaobh, bróg de leathar bhog ar an chois nimhe agus chuaigh síos fríd an seasgann.
    An chéad choca chuir sé a chlaidheamh fríd ó thaobh go taobh ach ní raibh an phéist ann. Chuaigh sé fhad leis an darna ceann agus chuir a chlaidheamh fríd ach cha raibh sí ansin ach oiread. Chuaigh sé síos go bruach na locha ansin agus bhuail sé an t-uisce lena chlaidheamh. Bhí an cú ar a choiscéim leis ar fad.Ní luaithe bhuail sé an loch nó d'éirigh an phéist amach. Eascon
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Loch Charraig an tSeascainn, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Ua Braonáin
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Proinnseas Ua Braonáin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann