Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a’s tá feásóg agus fulaing ar Ó Domhnaill” Caith an tabhach an dias bheag bhaoideach amach fhad a’s thiocfadh leis. Agus níor luaithe chaith ‘ná léim na ceithre cailleacha amach ins an uisce i gcuideachta a chéile. Thosaigh an [slomparnach]? agus an slamparnach agus chrágáil agus an spágáil. Acht cha raibh áth nó clocháin nó áit bhuinn le fágháil ins an loch a’s báitheadh an ceathrar.
“Tubaiste mo thoighe agus mo dhaoine go raibh leo” arsa Ó Domhnaill nuair a cuala sé caidé a thárlaigh “Nach raibh na bailte tóghta ó lár aca?” Agus beirtear Loch na gCailleach ar an loch sin go fóill.- Bailitheoir
- Máighread Máire Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionnsias Ó Braonáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann