Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghrafaidh (Graffy)
- XML Leathanach 535
- XML “Tomhais”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D’amharc mé amach fríd an fhuinneog agus chonnaic mé rud marbh ag iomchar rud beo.
Freagra = Fear ag marcuigheacht ar rothar.
Fear beag ina sheasamh le claidhe Itheann sé an méid a gheibheann sé acht ní ólann sé deor uisge
Freagra = teinidh.
Muiltín iarran a’s ruball olna as
Freagra = snathad a’s snaithe as
Shiubhalann sé an domhan ar mhullach a cheann
Freagra = tairneach i mbróg
Faoi an teine agus o’s cionn na teineadh acht ní théigheann sé i gcóir na teineadh
Freagra = tuirtín ar an i n-oidhean.
Girrfhiadh Frainnce a’s dhá chead speant air
Freagra = fraoch
Níl sé an taobh amuigh nó an taobh istigh dé’n bhalla acht tá sé ar an bhalla a thriomadh.
Freagra = fuinneog
Thart fá’n teach agus thart fá’n teach agus séideann se i bpoll na heocrach
Freagra = an gaoth
Deargan deargan buail an poll dubh
Freagra = fear ag lasadh píopa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall Ua Ludhóg
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Ua Ludhóg
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall