Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus go bhfuigheadh sé an dá chailligh sa chóirneál mar bhí ariamh agus go bhfuigheadh sé an capall ar a’ chnoc acht go gcaithfeadh sé gealltanas a tabhairt nach dtabharfadh sé iarraidh rudaí mar seo a dheánamh feasta. Bhí an-fheásta ag an Righ do agus nuair a bhí an feásta caithte chuaidh mac an Dalaigh ‘na bhaid agus cnap an airgid leis agus tharraing sé ar a bhaile. Chuaidh an bád é féin ‘na bhaile mar thainig sé agus nuair a shroic mac an Dálaigh an báile bhí an dá chailligh sa chóirneál mar ‘bhí ariamh agus bhí an capall suas ar a’ chnoc. Bhí sé saidhbhir ní ba mó agus d’fán sé sa bhaile.
- Bailitheoir
- Róis Éilís Ní Chába
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Dáibhid
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall