Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)
- Suíomh:
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D’fág an madadh ruadh slán aige annsin agus d’imthig mac an Ríogh leis ag tarraingt ar chaisleán ‘athara. Nuair a thainig sé fhad leis an doras bhuail sé air agus thainig an Rí fhad leis. D’iarr sé ar an chruitíneach a bheith ag imtheacht, acht nuair a d’innis sé a ghnaithe, dubhairt an Rí nach rabh obair ar bith aige a d’fóircochadh dó a leithid Dubhairt seisean go dtiocfadh leis ba a bhuachailleacht.
Níl ba ar bith agam arsa’n Rí, acht gheall ar fághail réidhtig leis an duine grannda. Dubhairt sé go rabh bó amhain i bpairc giota maith ó’n caisleán agus go dtiocfadh leis a ghabhail agus í a bhuachailleacht.
Cupla seachtmhain ‘na diaidh seo goide thainig fhad le caisleán an Ríogh acht an mhaighdean ba deise agus bá dóighmheála a chonnaiceas ariamh ag marcuigheacht ar chapall geal bán. Bhí bróg ar iomchur leithi ina láimh, agus dubhairt sí leis an Rí cibe fear a d’fóireochadh an bhróg sin dó gurab é sin a rogha mar céile, agus go bpósadh sí é. Comh luath agus cualaidh mic an Ríogh seo cuir siad an bhróg ar a gcos acht ní rabh gair ann ní rabh se fóirstin dobhta. Chuir gach fear i gcaislean ar Ríogh an bhróg orta, acht ní rabh gair ann. D’fiafruigh sí annsin an rabh fear ar bith eile fa’n cúirt. Dhúbhairt an Rí nach rabh acht dubhairt na searbhfoghantuidhe - goidé fa’n buachaill bó. Ní rabh an Rí sasta é theacht i lathair, acht d’iarr an cailín orta é thabhairt isteach. Tugadh i lathair é agus d’iarr an cailín air an bhróg a chuir ar a chois.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cathal Ó Cuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall