School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 84

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 84

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 84
  3. XML “Mac Rí an Domhain Thiar agus an tÉan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D’fág an madadh ruadh slán aige annsin agus d’imthig mac an Ríogh leis ag tarraingt ar chaisleán ‘athara. Nuair a thainig sé fhad leis an doras bhuail sé air agus thainig an Rí fhad leis. D’iarr sé ar an chruitíneach a bheith ag imtheacht, acht nuair a d’innis sé a ghnaithe, dubhairt an Rí nach rabh obair ar bith aige a d’fóircochadh dó a leithid Dubhairt seisean go dtiocfadh leis ba a bhuachailleacht.
    Níl ba ar bith agam arsa’n Rí, acht gheall ar fághail réidhtig leis an duine grannda. Dubhairt sé go rabh bó amhain i bpairc giota maith ó’n caisleán agus go dtiocfadh leis a ghabhail agus í a bhuachailleacht.
    Cupla seachtmhain ‘na diaidh seo goide thainig fhad le caisleán an Ríogh acht an mhaighdean ba deise agus bá dóighmheála a chonnaiceas ariamh ag marcuigheacht ar chapall geal bán. Bhí bróg ar iomchur leithi ina láimh, agus dubhairt sí leis an Rí cibe fear a d’fóireochadh an bhróg sin dó gurab é sin a rogha mar céile, agus go bpósadh sí é. Comh luath agus cualaidh mic an Ríogh seo cuir siad an bhróg ar a gcos acht ní rabh gair ann ní rabh se fóirstin dobhta. Chuir gach fear i gcaislean ar Ríogh an bhróg orta, acht ní rabh gair ann. D’fiafruigh sí annsin an rabh fear ar bith eile fa’n cúirt. Dhúbhairt an Rí nach rabh acht dubhairt na searbhfoghantuidhe - goidé fa’n buachaill bó. Ní rabh an Rí sasta é theacht i lathair, acht d’iarr an cailín orta é thabhairt isteach. Tugadh i lathair é agus d’iarr an cailín air an bhróg a chuir ar a chois.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0329: Hiding from the Devil
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Language
    Irish
    Informant
    Cathal Ó Cuinneagáin
    Gender
    Male
    Age
    53
    Address
    Málainn Mhóir, Co. Donegal