Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 83

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 83

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 83
  3. XML “Mac Rí an Domhain Thiar agus an tÉan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bheag críon air theacht isteach - ag radh go rabh a dhá dheárbhrathar istoigh roimhe. Bhí an luthghair air rompa acht d’fás sé an tursach agus thainig trom chodladh air agus thuit sé ‘na chodladh. Nuair a bhí sé ‘na chodladh ghoid an dá dearbhrathar an t-éan agus an cása. Annsin ar eagla go bhfuigheadh an dearbhrathar suas leobhtha bhuail siad é le slat draoidheachta [ina]? sean mná agus d’éirigh cnap (cruit) ar a dhruim agus bhí sé crom go talamh nuair a mhusgail sé.
    Chuaidh an dá dhearbhrathar eile abhaile agus bhí an luthghair ar a n-athair rompa, acht bhí sé níos measa anois nó bhí sé ariamh nó ní rabh fhios aige ceocú de’n bheirt leis an choróin ó thabhairt dó mar go rabh oiread seilbhe ag duine aca ar an éan agus bhí ag an duine eile.
    Bhí an mac ba óige i dtoigh na caillighe go dtainig a shean charad an madadh ruadh lá amhain fhad leis. “Tcidhim” arsa’n madadh ruadh mar ghlac tú an comhairle a fuair tú” “Níor ghlac” arsa seisean “Bhal” arsa’n madadh ruadh gheall mé duit go gcasfaidh ar a cheile arís muid” mar go rabh fhios agam go mbéad mo chabhair a dh’íth ort arís.
    “Anois”! bhí ag imtheacht abhaile agus mar nach n-aithneochaidh d’athair thú - iarr obair air. Dean cibe a iarrfas sé ort a dheánamh dá mar ag buachailleacht bó a chuirfeas sé thú, agus cuirfidh mise geall leat go dtiocfaidh go maith isa deireadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0329: Hiding from the Devil
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cathal Ó Cuinneagáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    53
    Seoladh
    Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall