School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bheag críon air theacht isteach - ag radh go rabh a dhá dheárbhrathar istoigh roimhe. Bhí an luthghair air rompa acht d’fás sé an tursach agus thainig trom chodladh air agus thuit sé ‘na chodladh. Nuair a bhí sé ‘na chodladh ghoid an dá dearbhrathar an t-éan agus an cása. Annsin ar eagla go bhfuigheadh an dearbhrathar suas leobhtha bhuail siad é le slat draoidheachta [ina]? sean mná agus d’éirigh cnap (cruit) ar a dhruim agus bhí sé crom go talamh nuair a mhusgail sé.
Chuaidh an dá dhearbhrathar eile abhaile agus bhí an luthghair ar a n-athair rompa, acht bhí sé níos measa anois nó bhí sé ariamh nó ní rabh fhios aige ceocú de’n bheirt leis an choróin ó thabhairt dó mar go rabh oiread seilbhe ag duine aca ar an éan agus bhí ag an duine eile.
Bhí an mac ba óige i dtoigh na caillighe go dtainig a shean charad an madadh ruadh lá amhain fhad leis. “Tcidhim” arsa’n madadh ruadh mar ghlac tú an comhairle a fuair tú” “Níor ghlac” arsa seisean “Bhal” arsa’n madadh ruadh gheall mé duit go gcasfaidh ar a cheile arís muid” mar go rabh fhios agam go mbéad mo chabhair a dh’íth ort arís.
“Anois”! bhí ag imtheacht abhaile agus mar nach n-aithneochaidh d’athair thú - iarr obair air. Dean cibe a iarrfas sé ort a dheánamh dá mar ag buachailleacht bó a chuirfeas sé thú, agus cuirfidh mise geall leat go dtiocfaidh go maith isa deireadh.(continues on next page)- Informant
- Cathal Ó Cuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal