Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Brackey
- XML Leathanach 234
- XML “Billí Bell”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amach, acht ní rabh tráigh ar bith le feiceail anois. Bhí sé cumhdaigh le h-uisge. Thainig an lan mara isteach i gainfios dó agus bhí sé annsin na phríosúnach idir an fhairrge agus bun na mbeann. Chuaidh sé ar crioth le h-eagla. Ní rabh ann acht a’ bás. Roimhe leath-uair’ bheadh sé na luighe báidhta ar thón na fairrge, na stroctha as a ceile i n-éadan na gcarraiceach.
Mhothuigh sé mar bheádh sgréach ann shuas os a cionn, agus goidé bí ann acht an fhaoileog a ba mhó a chonnaic sé ariamh.
“Tá tú i gcruadhchas”, ars an faoileog leis.
“Tá”, arsa fear Bhaile ‘Cliath, “ní bhéidh mé a bhfad ann anois”.
“Níl sé comh h-olc sin”, ars an fhaoileog, “gabh ar mó dhruim annseo, agus tcifidh tú”.
Rinne sé amhlaidh, agus d’éirigh an fhaoileog i n-áirde san spéir, agus d’imthigh léithe amach os cionn na fairrge, ag tarraingt ar luighe na gréine. Bhí siad abfhad, abhad ó thír mhóir, agus gan a dhat le feiceailt in-aon áit acht uisge uilig go léir – uisge dubh, domhain, bagartach.
“Tá mé ag éirighe tuirseach duit”, ars an fhaoileog.
“Caithfidh tú a dul de mo dhruim”.
“Maise ní racaidh”, arsa fear Baile ‘Cliath, níl dadaidh fúin acht an fhairrge, agus ina bháidtear mé béidh tusa ann mo chuideachta, na ní leigfidh mise amach mo greim”.
“Na bhí ro-cinnte de sin”, ars an fhaoileog ag tabhairt ruaideóg amháin síos go tón na fairrge, agus aníos arais.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac a Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Gallachobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc na gCapall, Co. Dhún na nGall