School: Brackey (roll number 3500)
- Location:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Brackey
- XML Page 235
- XML “Billí Bell”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Bhfuil tú annsin go fóill” ars an fhaoileóg.
“Tá”, agus béid”, arsa seisean.
Rinne sé an cleas ceadna an dara h-uair acht sháruigh uirthí tabhairt air a ghreim a leigint amach. Dar le fear Bhaile ‘Cliath go gcualaidh sé mar bhéadh cainnt ann thuas os a cionn ins an spéir, acht ní rabh an duine le feiceaill. Chuaidh an fhaoileóg suas ní bfuide agus bhí an chainnt ag dul an tosaigh rith an ama. Beirt fhear a bhí ann, ar an taoibh thuas den spéir agus iad a’ buaileadh choirce.
“Tá rud inteacht ag dul ar aghaidh thíos faoin” ars an fear aca.
“Sáith síos do bhuailtean sa phoill sin go bhfeicidh tú goidé tá ann”, ars an fear eile.
Bhí an fhaoileóg ag éisteacht leis a chainnt, agus chonnaic sé an buailtean a’ teacht anuas. “Beir ar a’ bhuailtean sin tamall”, arsa sise, go bhfághbhaidh mise sgríste beag. Rinne fear Bhaile ‘Cliath mar h-iarradh air, agus le sin d’imthigh an fhaoileog, agus dfág annsin é crochta san spéir ar an bhuailtean.
“Leig amach mo bhuailtean”, arsa fear den bunad bhí-thuas. “A gheall ar a Rígh”, arsa’n fear thíos, “tarraingt suas mé na ní bhéidh mé i n-inmhe mo ghreim a chongbhail moran nios fuide”.
“Caidé mar thiocfadh liom”, ars an fear thuas, “tú a tharraingt aníos fríd poll taracra”.
“Leig amach mo bhuailtean na gearrfaidh mise an tuga”, arsan fear thuas arais.(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac a Ghoill
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Dómhnall Ó Gallachobhair
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cnoc na gCapall, Co. Dhún na nGall