Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sgairt na coiligh ar maidin. Comh luath géur agus mothuigh siad an chead sgairt léim an fear dubh na sheasamh thuit an chain de agus dfág sé amharc an fhir eile.
Chaith an saighdiuir an dara oidhche agus an triomhadh h-oidhche sa teach agus tharluigh gach rud mar a gceadhna, agus go ndéanfadh an fear dubh a bhfad níos mó torman acan oidhche a teacht dó na rinne sá an oidhche a roimhe
Sgairt na coiligh an triomhadh maidin acht nior chorruigh an fear dubh ann sé ón chain a chrathadh de fhéin labhair sé sa deireadh.
“Is tú an fear amháin is fear amhla dar casadh orm ariamh”, arsa seisean . “Caithfidh sé go bhfuil croidhe agat mar bheadh leomhan ann. De thar a bheith na fir a fuarthas marbh annseo le bliadhain thart ní deárna mise dath ortha. Go díreach shuidhe mé annseo mar rinne me le trí h-oidhche. Thuit siad sior marbh comh luath geúr as fuair siad an chead amharc orm. Is maith liom go rabh tusa a n-inibh é a sheasamh na ma ghnidh tú an rud a iarrfas mise ort béidh mé ar mo shuaimhneas feasta.
Fuair mé bás tá bliadhain ó soin. Báiligh a bhí ionnam nuair a bhí mé ar a t-saoghal, agus is iomaidh duine ar bhain mé an mí-cheart dó. Sólus na ngrásta cha bfuighim go deo go ndíoltar an bharraidheacht san arais leis na daoine bochta ar baineadh daobhtha é go mé ionnraice. Gabh fhad le m’athair i mbárach, agus innis dó gur é a mhac a fuair bás atá annseo go bhfuil mé ann le bliadhain, agus nach dtiocfadh liom mo sgéal ainnse a choidhche go gcaitheadh duine saoghalta trí h-oidhche ann mo chuideachta. Innis do fosta go bhfuil trí cheig óir faoi leic a doras agus go gcaithfear seo a rann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac A' Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Mac A' Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Áighe, Co. Dhún na nGall