Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sa teach sin bhí cipin leis or maidin”.
“Caidé a thainig ortha” arsa’n saighdiuir.
“Níl annteacht ar bith air” a dfreagair a fear eile, acht tá sé deanta amach gur taidhbse uatbhasach da chineal eighinteacht atá ann”.
“Mar bhfuil ann acht taidhbhse, arsa saighdiuir, “Níl binn agamsa air. Ariamh go fóill ní fhadaidh mé aon seórt, beo na marbh, a sgannrochadh mé fuireochaidh mé an oidhche sa teach bán”.
Ag dul ó sholas do chuaidh sé fhad leis an teach. Bhí ach uile sheórt réid fa na choinne mar bhí leabharthaí le leighean píopa agus tobaca, tréan le h-ithe agus neart le h-ól. Níor thárluigh dath a dteárn sé iongantas dó go dtainig uair a mheadon oidhche, agus ar an bhomaite thoisigh an torman madramhail shuas a’ staighre. Thainig sé leis anuas agus le sin fosclaidh an doras agus siubhailidh an fear mór dúbh isteach. Shuidh sé ar chathaoir gan duirm na dairm a leigint as. Thoisigh an saighdiuir a chuir seanacaisg air acht sin a rabh aige ar a shon.
“A bhuachaill dhuibh”, arsan saighdiuir, “dá mbeithea deic h-uaire níos gruamdha i gcuma, agus céad uair níos dímúinte na ta tú cha gcuirfea eagla orm-sa. Tá fear da mo dhíol-sa leis an oidhche a chaitheamh annseo, agus bheirfidh mise fios dó ar maidin a mbárach gur fuí an t-airgead mé”.
Le sin thug sé leis chain iarainn. Cheangal sé an fear dubh den leabaidh, agus thart fa na chum fhéin chórnuigh sé an ceann eile den chain. “Anois a bhuachaill mhodhamhail”, arsa seisean, ma imthigheann tú ní ar an uaigneas na bádh muid uilig leat”. Rith an ama níor fhoscail an fear dubh a bhéal agus níor labhar sé focal. Caitheadh an oidhche mar sin na gur(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac A' Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Mac A' Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Áighe, Co. Dhún na nGall