Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)

Suíomh:
Breacaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 115

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Brackey
  2. XML Leathanach 115
  3. XML “An Pléiseam - Leagan Eile - Ruaidhrí O Dáibhid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a ba deise i nÉirinn, i nAlbain nó i Sasain na sheasamh annsin os coinne a dhá shúil.
    Chualaidh bean Ruaidhrí fan chaislean, agus rinne sé dha gnoithe é a ghabhail fhad leis an Rígh arais.
    “Caidé mar tá an caislean ann do shasamh”, ar sí leis a Rígh. Ní thiocfadh leis a bheith ní bfearr”, ars an Rí, tá mé fíor bhuidheach duit fhéin a’s da Ruaidhrí. Ní bhéith dith na dioghbhail orraibh fhad a’s tá mise beo”.
    “Thiocfadh leis”, ar sise, “a bheith a bhfad ní bfearr. Ní caislean ar bith é gan “Playsham” ar a mhullach”. “Caidé sin”, ars an Rí.
    “Tá fhios ag Ruaidhrí”, arsa sise, “agus thig leis a chur suas fosta mas mien leis é”. “Iarr air a theacht arais annseo”, ars an Rí.
    “Well, d’imthigh in réamhar fhéin ar sin”, arsa Ruaidhrí nuair a h-innseadh dó gur chuir an Rí fá na choinne arais. Caidén donas atá faoi anois”.
    “Is dóichthe go bhfuil sé a gabhail a do dhíol ar son do chuid oibre” ars an bhean. “Dean deifre chuige”.
    “Táin an sásta leis an chaislean”, ars an Rígh acht d’amharcochadh sé ní ba deise dá mbeádh playsham ar a mhullach”.
    “Agus goidé sin ar chor a bith”, arsa Ruaidhrí. “Tá fhios sin go maith”, arsan Rí, “agus na bhí goite a chur i gcéill. Caithfidh tú a dheánamh na bainfear a’ ceann duit”.
    “Ní faca mé i léithid ariamh”, arsa Ruaidhrí, “agus níos mó na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge