Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Risteárd Neancól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Leathanach 073
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Le linn an ghorta bhí na daoine san áit seo ag fágailt bháis mar a bhíodar i go leór áiteanna eile.”
Le linn an ghorta bhí na daoine san áit seo ag fághailt bháis mar a bhíodar i go leór áiteanna eile. Téigheadh go leór díobh go dtí tigh na mbocht in Dúngarbháin áit go raibh greim bídh le fághailt aca acht b'shin é an méid. Níí raibh trúagh ná taise ag aoinne dóibh ann. Bhí fear bocht in a chomhnuidhe i Lios Aodh Ruadh agus bhí an ocras ag goilleamhaint air, nuair a bhí sé ag dul ró dhian air. Chuir sé dhe go tigh comharsan - baintreach ba eadh í agus bhí croidhe cruaidh aici. Níor d'eirigh leis an bhfear mbocht an doras a sroisint thuit sé ag an ngeata.Chonnaic an bhaintreach é. Ghlaoidh sí ar an mbuachaill aimsire agus dubhairt leis an capall a ghóilt fé'n gcairt. Dhein. Cuir sí féin an fear bocht isteach sa chairt chun é thabhairt go dtí Tigh na mBocht. Nuair a bhí sí á cur sa cairt, d'oscail an fhear bocht na súile agus d'feach sé ar an mbean - aon fheachaint amhain annsan thuit sé síar marbh. D'fan an fheacaint sin i gcuimhne na baintrighe go lá a bháis.
( Fuairis cuid des na sgéalta gairide seo ó Labhrás Ó Dúnaighe. Tá comhnuidhe air i Lios Aodh Ruadh, Árd Mhór. Fuair sé ó'n a athair iad. Bhí comhnuidhe air i mBaile Uí Chuinn )- Faisnéiseoir
- Labhrás Ó Dúnaighe
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lios an Rabhaidh, Co. Phort Láirge